Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí sé ag obair ar chúpla feirm ag déanamh meascán d’obair. Cur síos ar an obair a bhíodh sé ag déanamh. D’fhanadh sé thall i rith an gheimhridh agus thagadh sé na bhaile san earrach. Bhíodh muileann ann agus bhíodh siad ag buaileadh chruacha fosta. Cur síos ar seo. | 00:03:38 | |
Tuilleadh faoin obair. I Northumberland ag tógáil chlaíocha. Bhí obair fhuar sa gheimhreadh ann. Ag stopadh i gcarbhán a bhíodh siad, bhí sin iontach fuar. Bhí sornóg (stove) beag acu agus droch mhóin ach ní raibh teas ar bith as. | 00:03:06 | |
Nuair a tháinig sé na bhaile. Chaith sé traidhfil maith blianta anonn agus anall go hAlbain ag obair. Bhí sé ag tógáil tithe le fear eile. Cur síos ar chuid den obair seo agus na clocha a bhíodh a úsáid aige. Brící, cloch eibhir, cloch ghorm, cloch aoil. Bhí eallach aige féin agus ag a dheartháir. | 00:03:25 | |